​The Whistle - Blower Project Out of Time Tour 2019

Sa chamcuairt in 2019 tá sé ar intinn agam...

  • Daoine eile a spreagadh lena scéal féin a insint ach idirphlé mothúchánach a dhéanamh le mo lucht éisteachta agus féachana trí cheol, comhrá + ceol, chom maith le
  • mo ghearrscannán a thaispeáint, cur + cúiteamh a dhéanamh faoin ábhar leis na ceoltóirí chom maith le
  • Mo shaothair cheoil a sheinm le guth, feadóga, fidil [Daire Bracken] + bosca ceoil [Martin Tourish]
CÚLRA 

In 1976, gabhadh agus ciontaíodh mo dheartháir Osgur go héagórach as Robáil Traein Postais na Sollán. Coinníodh faoi choimeád na nGardaí é. I rith an ama sin céasadh é + cuireadh iallach air a chur ina leith go raibh baint aige le coir nach ndearna sé. Gearradh pianseirbhís 12 bhliain air in 1978 ach scaoileadh saor é in 1980 i ndiaidh achomhairc nuair a cuireadh an ciontú ar ceal agus nuair a fuaradh neamh-chiontach é. I ndiaidh imeachtaí dlíthiúla a thosú i 1976, ar chuir an Stát go hiomlán ina gcoinne, fuair sé cúiteamh airgeadais in 1993. I rith na 17 mbliana idir gabháil mo dhearthár, a scaoileadh ar deireadh + an cúiteamh a bhronnadh, d’fhulaing mo mheabhairshláinte go mór. I rith an ama sin, bhí an-fhaoiseamh + éalú ag baint leis an gceol dom mar ar thum mé mé féin go hiomlán sa cheol traidisiúnta. 

Níos deireanaí, diagnóisíodh go raibh neamhord struis iarthrámaigh orm.

MAOINITHE 

In 2014 + 2015 bhron an Chomairle Ealíona Sparánacht agus Dámhachtain DEIS orm chun mo thuras pearsanta a iniúchadh le healaíontóirí eile trí cheol + áiseanna closamhairc i suíomh amharclannaíochta. D’eascair gearrscannán [The Whistle-Blower] as an bpróiseas sin a léirigh mé, agus a stiúir Trish McAdam, duine de mo chomhoibrithe. Úsáideadh cuid den cheol a cumadh + a seinneadh le Trevor Knight + Brian Fleming sa scannán sin agus bhí liricí ann a coimisiúnaíodh go speisialta ón amhránaí/scríbhneoir amhrán, Susan McKeown

Bhí ábhar ó chartlanna grianghraf sa scannán [Derek Speirs] agus roghnaíodh an scannán in 2017 le haghaidh Fhleadh Scannán na Gaillimhe + Fhéile Scannán Chorcaí + taispeánadh é mar chuid dá gcatagóirí éagsúla do ‘ghearrscannáin’.

In 2017 bhron an Chomairle Ealíona Dámhachtain Taifeadta & Foilsithe DEIS orm. Ó shin, chum mé sé shaothar nua ceoil i ndiaidh mo chomhoibrithe leis na ceoltóirí Daire Bracken + Martin Tourish (agus véarsa amháin i dTréag a hAon ó amhrán Susan McKeown darbh theideal, 'The Heavy Game' ). Taifeadadh na hoibreacha sin + tá said meascatha, máistrithe agus foilsithe le déanaí (ar fáil i mBandcamp). 

Tá nasc díreach ag gach ceann de na sé shaothar nua le mo scéal féin, agus léirítear an tráma pearsanta a d’fhulaing mé agus mé i mo dhéagóir agus i mo dhuine fásta óg.

In 2018 bhron an Chomairle Ealíona Dámhachtain Camchuairte is Scaipthe Saothair DEIS orm chun camchuairt a dhéanamh in 2019 leis an saothair nua sin a sheinm le Daire agus Martin ós comhair lucht éisteachta beo. Taispeánfar mo ghearrscannán a bhfuil ábhar machnaimh ann agus déanfar plé gairid ar chuid de na ceisteanna a tharraingítear anuas sa scannán sula seinntear an ceol beo.

Le maoiniú breise, táimid ar chamcuairt fáoi láthair.

AN SEÓ

Taispeántar mo ghearrscannán a bhfuil ábhar machnaimh ann sula seinntear an ceol beo. 

Chruthaigh an dearthóir grafaicí + soilsithe Luis Poveda scáileán digiteach le gach tréag. 

Seó uair a chloig atá ann ar fad. 

Tá sé i gceist agam trí shnáithe dhifriúla a fhí lena chéile chun lucht éisteachta a mhealladh – scannán, ceol beo agus scáileán digiteach. 

Tá sé de chumas ag The Whistle-Blower ealaíona traidisiúnta d’ardchaighdeán a chur i láthair lucht éisteachta náisiúnta. 

Feicfidh siad turas ceoltóra a d’fhulaing tráma pearsanta + atá ag dul i ngleic leis trí thabhairt faoin bpróiseas cruthaitheachta. 

Tá sé de chuspóir agam. 
  • 1. Daoine eile a spreagadh lena scéal féin a insint ach idirphlé mothúchánach a dhéanamh le mo lucht éisteachta agus féachana trí cheol, comhrá + ceol;
  • Mo ghearrscannán a thaispeáint, cur + cúiteamh a dhéanamh faoin ábhar leis na ceoltóirí;
  • Mo shaothair cheoil a sheinm le guth, feadóga, fidil + bosca ceoil.
'Siad na h-Ionad Ealíona atá fágtha:-

Déardaoin 21ú Feabh – Ionad Ealaíona an Linenhall , Caisleán an Bharraigh,

Co. Mhaigh Eo - [8pm-9pm]

https://thelinenhall.ticketsolve.com/shows/873600338 

Sath 9ú Márta – Ionad Ealaíona Dunamaise, Portlaoise, Co. Laoise - [8pm-9pm]

https://dunamaise.ticketsolve.com/shows/873597623

Aoine 22ú Márta  – Amharclann an Riverbank, Droichead Nua, Co. Chill Dara. - [8pm-9pm]

https://riverbank.ticketsolve.com/shows/873597739?_ga=2.264767951.1740203362.1545327155-1133557641.1543948900